Group photo of participants during the onsite visit in Amsterdam, Netherlands.

Cuairt ar an láthair ar Amstardam, an Ísiltír

Participants gathering in front of mobile vaccination units.

Réamhrá

Tharla an cúigiú cuairt ar an láthair don tionscadal, “Constaicí in aghaidh Vacsaínithe a Shárú” in Amstardam, an Ísiltír, idir 20 agus 22 Meán Fómhair 2023. Díríodh sa chuairt ar úsáid na n-aonad móibíleach vacsaínithe (aonaid MV), cleachtas eiseamláireach d’fhonn rátaí glactha vacsaíniú COVID-19 a mhéadú ag baint úsáid as busanna nó tob-shuíomhanna sealadacha vacsaínithe. Dhírigh an tionscnamh ar dhaoine a bhí cónaí orthu i gcomharsanachtaí ina raibh rátaí glactha vacsaíní measartha íseal agus ar spriocghrúpaí amhail iad siúd ar stádas íseal sóisialta agus eacnamaíoch, príosúnaigh, agus daoine neamhliteartha. 

Chuir Institiúid Náisiúnta Sláinte Poiblí agus Comhshaoil na hÍsiltíre (Rijksintituut voor volksgezondheid en milieu (RIVM)) fáilte roimh 26 rannpháirtí as 15 Bhallstáit AE. B’ionadaithe as institiúidí náisiúnta sláinte, aireachtaí sláinte, oifigí náisiúnta imdhíonta iad na rannpháirtithe.

Ba é sprioc na cuairte seo ná:

  • léargais a bhailiú ar aonaid MV na hÍsiltíre agus foghlaim as an méid ar éirigh leo
  • foghlaim fhrithpháirteach a chothú trí spás a chur ar fáil chun an t-eolas agus taithí a mhalartú
  • smaointe a fhorbairt ar an dóigh ar féidir le gairmithe sláinte as Ballstáit an cleachtas a aistriú chuig a dtír féin

Le linn na cuairte, bhronn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA) teastas san éacht cleachtais ar Institiúid Náisiúnta Sláinte Poiblí agus Comhshaoil na hÍsiltíre (Rijksinstituut voor volksgezondheid en milieu (RIVM)), ar Sheirbhís Bhardasach Sláinte Amstardam (GGD Amstardam) agus ar an gComhlachas Árachais Cúraim Sláinte (GGD GHOR Nederland).

Aonaid Mhóibíleacha Vacsaínithe chun glacadh vacsaíniú COVID-19 a mhéadú

Aidhm

Le linn an chéad fheachtas vacsaínithe COVID-19, léirigh  figiúirí glactha vacsaínithe difríochtaí suntasacha le himeacht ama idir na réigiúin agus comharsanachtaí san Ísiltír. Ba chosúil gur bhain cuid de na difríochtaí sin le bacainní inrochtaineachta agus eolais sna comharsanachtaí agus réigiúin ina raibh na rátaí glactha níos ísle. 

Leis na bacainní sin a shárú, d’úsáid na seirbhísí bardasacha sláinte aonaid MV i gcomharsanachtaí éagsúla ar fud na hÍsiltíre i rith na bhfeachtas vacsaínithe COVID-19 ina dhiaidh sin.

D’oibrigh seirbhísí bardasacha sláinte éagsúla busanna vacsaínithe (ní hamháin in Amstardam) i roinnt comharsanachtaí chun daoine a chur ar an eolas maidir le vacsaíní COVID-19 agus vacsaíniú a thairiscint dóibh. Rinneadh é sin a thairiscint gan ach bualadh isteach, gan gá le coinne. Baineadh úsáid as an mbus vacsaínithe leis an gcéad agus an dara vacsaíniú a thairiscint do gach saoránach sa chomharsanacht ar mian leo vacsaíniú a fháil in aghaidh COVID-19.

Taobh amuigh de vacsaíniú a fháil, fuair cónaitheoirí sna sprioc-chomharsanachtaí faisnéis sláinte (go minic i dteangacha difriúla) chomh maith leis an deis ceisteanna a chur. Thug gairmithe sláinte, go minic in éineacht le daoine dílse mór le rá sa chomharsanacht, bileoga agus fógráin amach, chuir póstaeir suas agus chuaigh i mbun cumarsáide le daoine aonair agus le grúpaí. Bhí sé mar aidhm leis na gníomhartha sin teorainn a chur le bacainní in aghaidh vacsaínithe trí seirbhísí vacsaínithe inrochtana, faisnéis a bhí  oiriúnach ó thaobh cultúir de agus dialóg a thairiscint – agus muinín a chothú agus eolas ar vacsaíniú a mhéadú dá réir.

Gníomhaithe a bhain leis agus an cur chun feidhme

Tá an Aireacht Sláinte  (Ministerie van Volksgezondheid, Welzijn en Sport) freagrach as na cláir vacsaínithe a shannadh. Faigheann an Aireacht comhairle ón gComhairle Náisiúnta Sláinte (Gezondheidsraad), comhlacht comhairleach eolaíochta neamhspleách sa réimse sláinte poiblí, lena n-áirítear moltaí ar vacsaíniú do spriocghrúpaí ar leith. Tá bord na Comhairle Náisiúnta Sláinte comhdhéanta d’Uachtarán agus Leasuachtarán agus tá 100 comhalta ann as gach cuid den tír agus disciplíní éagsúla. Le chéile, clúdaíonn siad 6 réimse gníomhaíochta: cúram sláinte, galarchosc, cothú sláintiúil, sláinte chomhshaoil, dálaí oibre sláintiúla, chomh maith le bonneagar nuálaíochta agus eolais.

Déanann an Institiúid Náisiúnta Sláinte Poiblí agus Comhshaoil (Rijksinstituut voor Volksgezondheid en Millieu, RIVM) na cláir vacsaínithe a eagrú, a oibriú agus a mhonatóiriú ag an leibhéal náisiúnta i gcomhoibriú le comhpháirtithe réigiúnacha, seirbhísí bardasacha sláinte agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).

Bunaithe ar léargais ar ghlacadh vacsaínithe agus ar shaineolas réigiúnach, socraíonn ranna réigiúnacha na seirbhísí bardasacha poiblí na ceantair ar leith ina bhfuil idirghabhálacha riachtanach.

Acmhainní a chur ar fáil

Go ginearálta, bíonn vacsaínithe san Ísiltír saor in aisce ag an bpointe seachadta dóibh siúd sna spriocghrúpaí. Dóibh siúd nach bhfuil i spriocghrúpa; ní mór dóibh íoc as póca as an vacsaín agus an é a thabhairt, mar shampla, tuismitheoirí a iarrann vacsaíniú leanaí amhail deilgneach.

Maoiníonn Aireacht Sláinte, Leasa agus Spórt na hÍsiltíre na haonaid MV. Cuireadh na busanna ar fáil saor in aisce i rith an fheachtais. Bhí saoirse ag na réigiúin minicíocht agus tréimhse a roghnú maidir le húsáid na mbusanna agus rinne maoirseacht ar chomhordú agus ar sholáthar foirne.

Torthaí

Tugtar le fios as réamhthorthaí ó réigiún Amstardam gur, i gcomharsanacht áirithe, bhí an meánráta laethúil vacsaínithe don chéad dáileog COVID-19 26% níos airde ar laethanta nuair a bhí na hionaid vacsaínithe i láthair ná ar laethanta gan bus vacsaínithe. Léiríonn sé sin gur féidir le hionaid vacsaínithe rátaí glactha vacsaíní a mhéadú. 

Ba é an toradh as an gclár rathúil sin leanúint leis na haonaid MV go dtí Meán Fómhair 2023 mar chuid den chlár vacsaínithe, papalómaivíreas daonna (HVP)  d'aosaigh óga (in aois 19 go 26) in Amstardam.

Torthaí ar an gcuairt

Mar chuid den chuairt, tugadh forléargas do na rannpháirtithe ar rialú galar tógálach agus ar na cláir vacsaínithe san Ísiltír, chomh maith le tús eolas ar Chlár Náisiúnta Imdhíonta na hÍsiltíre. Tugadh deis do rannpháirtithe i roinnt ceardlann machnamh a dhéanamh ar chóras sláinte agus imdhíonta na hÍsiltíre, agus béim ar leith ar aonaid MV mar chleachtas eiseamláireach.

Ba é an aidhm leis an gcéad seisiún ceardlainne ná grinnanailís a chothú agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú trí dhíospóireachtaí i ngrúpaí. Rinne rannpháirtithe príomhphointí a shainaithint ó thaithí na hÍsiltíre, ina measc:

  • Clárlanna idirnasctha a bhunadh ag leibhéal náisiúnta
  • Clárlann náisiúnta imdhíonta a bhailiú chun clúdach vacsaínithe a rianú
  • Comhoibriú le pobail áitiúla leis an gcur chuige ceart a cheapadh do gach for-rochtain
  • Úsáid a bhaint as cur chuige gníomhach chun cuirí a thabhairt 
  • Eolaithe iompraíochta a chur san áireamh sa tionscadal chun modhanna oiriúnacha for-rochtana eolasbhunaithe a fháil, agus freisin chun anailís eolaíochta a dhéanamh ar an bhfor-rochtain agus tuilleadh faisnéis a bhailiú ar an spriocghrúpa, agus conas aghaidh a thabhairt air.

Rinne rannpháirtithe roinnt láidreachtaí an chleachtais a shainaithint, ina measc sorochtaineacht ag na daoine áitiúla agus solúbthacht na suíomhanna agus amanna chun na vacsaíní a sholáthar. Tugann an ceangal le ceannairí pobail bealach cumarsáide trínar féidir muinín a chothú leis na cónaitheoirí. Tugann na hionaid MV deic chun tábhacht an vacsaínithe a chur in iúl go díreach do ghrúpaí dorochtana. Áiríodh sna deiseanna a raibh cuma mhaith orthu ná úsáid busanna le haghaidh tascanna éagsúla (i.e., vacsaíní eile) agus uirlis tábhachtach chun sonraí a bhailiú, rud is féidir a úsáid le haghaidh cinnteoireacht fianaisebhunaithe.

Baineadh úsáid as Impact Canvas, chun rannpháirtithe a threorú maidir leis an acmhainneacht chun an cleachtas seo a aistriú chuig a gcóras agus bonneagar áitiúil sláinte féin. Phléigh rannpháirtithe gnéithe riachtanacha amhail spriocghrúpaí, acmhainní, príomhghníomhaíochtaí, príomh-chomhpháirtithe, cainéil chumarsáide, inbhuaine airgeadais agus measúnacht. 

Áirítear i bpríomhghnéithe aonaid MV na hÍsiltíre, gnéithe is féidir a oiriúnú agus a aistriú chuig Ballstáit eile:

  • Spriocghrúpaí a leathnú amach: an cur chuige a shaincheapadh chun díriú ar ghrúpaí ar leith, amhail imircigh leochaileacha, pobail fánaithe, daoine gan dídean nó grúpaí ar ioncam níos ísle. Thabharfadh spriocfheachtais sonraí bonnlíne de réir spriocghrúpa do na cinneadóirí 
  • Cainéil chumarsáide agus for-rochtain: cur le gníomhaíochtaí for-rochtana cumarsáide le cainéil agus/nó pacáistí dírithe ar spriocghrúpaí agus comhpháirtithe, mar shampla, méadú ar láithreacht ar líne (i.e., na meáin shóisialta) chun tacú le hiarrachtaí for-rochtana le hothair a chur ar an eolas maidir le vacsaínithe HVP agus cainéil a bhunú le ceannairí pobail a idirnascadh le páirtithe tábhachtacha leasmhara  
  • Suíomhanna vacsaínithe: suíomhanna vacsaínithe a leathnú amach le gairmscoileanna agus ionaid spóirt a chur san áireamh  
  • Measúnacht: dearcadh an phobail ar ghníomhaíochtaí vacsaínithe a chur san áireamh le cuidiú le monatóireacht ar rath na for-rochtana agus le haiseolas riachtanach a thabhairt d’fhonn seirbhísí a fheabhsú. 

Ba mhór ag na rannpháirtithe an deis chun dearcadh nua a gnóthú, go háirithe trí chuairt a thabhairt ar na haonaid MV ar an láthair. Ba é cur chuige idirdhisciplíneach na foirne an cheacht is mó lua ón gcuairt, rud ar féidir úsáid a bhaint as chun grúpaí éagsúla sa tsochaí a bhaint amach, grúpaí atá beagáinín amhrasach agus nach féidir iad a rochtain ar an mbealach traidisiúnta. 

Tuilleadh faisnéise faoi Aonaid MV na hÍsiltíre:

Ailt a bhaineann leis: The Effect of Mobile Vaccination Units on Vaccine Uptake with COVID-19 Vaccines: A Within-Neighbourhood Analysis Using National Registration Data by Mattijs Lambooij, Joyce Pijpers, Jan van de Kassteele, Mirjam P. Fransen, Susan J.M. Hahné, Niek Hof, Flo

Publications

Foinsí ábhartha

Foinsí ábhartha
Aimsigh acmhainní ábhartha náisiúnta agus acmhainní ábhartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a úsáideadh mar chuid den tionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’.